Ceardlann Mionlogainmneacha 2018 / Minor Placenames Workshop 2018

Tá ceardlann á reáchtáil ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, chun cúrsaí mionlogainmneacha (logainmneacha nach ainmneacha riaracháin ná ionaid daonra iad) a phlé. Beidh an cheardlann seo suimiúil do thaighdeoirí logainmníochta, do chumainn áitiúla oidhreachta agus staire agus do dhuine ar bith a bhíonn ag cur le Meitheal Logainm.ie. Beidh an cheardlann á reáchtáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. I measc imeachtaí na ceardlainne beidh seisiún praiticiúil faoi úsáid Mheitheal Logainm.ie, dinnéar, agus turas treoraithe thart ar cheantar Dhroim Conrach le Séamas Ó Maitiú.

Tá ráta speisialta ar fáil go dtí an 13 Aibreán. Tuilleadh eolais anseo.

***

Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, is organising a workshop on the topic of minor placenames (placenames other than administrative placenames and population centres). This workshop will be of interest to placenames researchers, to local history and heritage groups and to current or potential contributors to Meitheal Logainm.ie . Talks will be in either Irish or English. The workshop will include a dinner, a practical session on using Meitheal Logainm.ie, and a historical walking tour of the local area (Drumcondra), led by Séamas Ó Maitiú.

 
Early bird rate available until 13 April. Further information here.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.